.jpg)
Tugann sé pléisiúr thar cuimse dom fearadh na fáilte a chur romhat go dtí líonláithreán Choiste Ghairmoideachais Chontae Chill Chainnigh. Tá traidisiún bródúil ag Coiste Gairmoideachais Chontae Chill Chainnigh as deiseanna oideachais agus foghlamtha maraon le tacaíochtaí a sholáthar don aosóg agus do dhaoine fásta i gContae Chill Chainnigh. Déanaimid ár ndícheall chun an caighdeán is airde múinteoireachta agus foghlamtha a chothú in ár scoileanna, lárionaid agus cláracha uile.
Tá súil agam go dtabharfaidh an líonláithreán seo forbhreathnú cúntach faisnéiseach cuimsitheach ar na seirbhísí, cláracha agus tacaíochtaí atá curtha ar fáil ag Coiste Gairmoideachais Chontae Chill Chainnigh. Sé mo ghuí chomh maith go mbeidh na sonraí ar líonláithreáin agus ar ghníomhaireachtaí comhpháirteacha áisiúil do chuairteoirí ar ghréasán an Choiste Ghairmoideachais.
Bíonn Coiste Gairmoideachais Chontae Chill Chainnigh de shíor ag iarraidh feabhas a chur leis an tslí ina bhfreagraíonn sé dá fhoireann oibre, dá fhoghlaimeoirí is do dhaoine eile a bhaineann leas as a chuid seirbhísí. Tá sé ar intinn againn líonláithreán an Choiste Ghairmoideachais a fhorbairt thar am agus d'fháilteoinn roimh aon trácht is moltaí a bheadh agat ar conas is fearr dúinn a leithéid a dhéanamh. Cur isteach do chuid tráchta ar an bhfoirm aiseolais nó, seol ríomhphost chugam go díreach ag rcurrran@kilkennyvec.ie
Guímid go mbainfidh tú tairbhe is taitneamh as do chuairt ar líonláithreán Choiste Ghairmoideachais Chontae Chill Chainnigh
Beir bua is beannacht.
- Forbhreathnú ar Sheirbhísí
- Léarsáil láithreacha
- Baill an Choiste Ghairmoideachais
- Struchtúr Soláthar Foirne agus Bainistíochta
- Seirbhís Custaiméara
- Féilire Scoile
Cóipcheart: Coiste Gairmoideachais Chill Chainnigh 2007.
