Bóthar Urmhunhan, Cill Chainnigh
An Cúlra
Bunaíodh Coláiste Pobail Osraí i Meán Fómhair 1991. Toradh saothair an choiste tuismitheoirí, an Phríomh oifigeach feidhmiúchain, Breandán Ó Connmhaigh, An Choiste Ghairmoideachais I gCill Chainnigh agus polaiteoirí áitiúla, é. Is scoil neamhspeách í faoi stiúir an Choiste Gairmoideachais. Tá a bhord féin ag an scoil, le baill ainmnithe ag an gCoiste Ghairmoideachais, múinteoirí, tuismitheoirí and baill comhainmnithe maraon leis an Múinteoir í bhFeighil.
Aidhm agus Fealsúnacht
Tá sé d’aidhm againn sa scoil, caighdeán ard oideachais, trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil do na micléinn agus go dtiocfaidh forbairt leathan iomlán orthu faoi na cinnteidil seo a leanas:
Forbairt acadúil, forbairt mhórálta, forbairt phearsanta, forbairt shóisialta agus forbairt fhisiciúil ionas go mbeidh said ina ndeashaoránaigh.
Tá an scoil chomhoideachasúil agus idirchreidmheach. Tairgimid meascán cothrom d’abhair acadúla, theicniúla, ealaíonta agus chruithaitheach.
An Teanga
Sé “doras feasa fiafraí” mana na scoile agus léiríonn sé go hiomlán ár ndearcadh ar an oideachas. Is í an Ghaeilge gnáth theanga na scoile. Múintear na hábhair go léir tríd an nGaeilge. Tá buntáistí faoi leith ag baint le hoideachas dhá-theangach s.s. gur fusa do mhicléinn teangacha eile a fhoghlaim, líofacht a bheidh acu sa Ghaeilge, ár n-oidreacht shaibhir a chaomhnú agus na daltaí a ullmhú le haghaidh cúramaí an tsaoránaith san Aontas Eorpach.
Ar ndóigh, beidh béim faoi leith ar chumas labhartha teangacha iasachta rud atá buntáisteach do na micléinn dhá-theangacha. Tá an chultúr Ghaelach fíte fuaite tríd an scoil ar fad gach lá – idir drámaíocht, ceol agus an teanga feín is scoil lánghaeilge í Coláiste Pobail Osraí.
Spórt
Cuirtear clár iomlán corpoideachas ar fail do gach scoláire. Is ar bheith páirteach atá an bhéim, agus tugtar deis do gach dalta na spóirt is fearr leo a chleachtadh. Toisc gur scoil bheag í bímid ag brath ar thalainn gach uile dhalta ionus gur féidir linn fóirne scoile a chur le chéile. Imrítear císpheil, iománaíocht, sacar, galf.
Gníomhaíochtaí
Glacaimid páirt i ndíospóireachtaí Ghael Linn agus Chonradh na Gaeilge. Tráth na gCeist, Eolaí Óg, Young Entrepreneur, Public Speaking, Féile Chill Chainnigh, An Gaisce, Young Social Innovators.
An Curaclam
|
Torthaí
I gColáiste Pobail Osraí maraon le scoileanna lánghaeilge eile bíonn pointí an-ard ag na daltaí. Ins na scoileanna seo bíonn na meánphointí níos airde ná an meán náisiúnta.
Contact Details
| Coláiste Pobail Osrai | Fón: 056 776 4557 Facs: 056 776 4557 |
|
Ríomhphiost: colaistepobailosrai@eircom.net | ||
Phríomhoide: | Cathnia O Muircheartaigh | |
